Annual Financial Awareness Campaign
17-23 March 2025

Cad is Ombudsman ann?

Cad is Ombudsman ann?

Scrúdaíonn Ombudsman gearáin ó dhaoine den phobal a gcreideann gur chaith an Stát nó eagraíochtaí eile go héagothrom leo. Tá Oifigí Ombudsman saor in aisce, neamhspleách, oibiachtúil agus cothrom. Táimid ar fáil chun cabhrú le daoine a mbealach a dhéanamh trí nósanna imeachta agus cleachtais, ar nithe iad a bhíonn casta go minic.
Tá seacht n-oifig Ombudsman ann in Éirinn.
  • Oifig an Ombudsman (do sheirbhísí poiblí)
  • An tOmbudsman do Leanaí
  • Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána
  • An tOmbudsman d'Óglaigh na hÉireann
  • Ombudsman an Phreasa
  • An Coimisinéir Teanga
  • agus sinne féin, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean.

Sula ndéanfaidh tú gearán leis an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, ní mór duit gearán a dhéanamh le do sholáthraí ar dtús, amhail do bhanc, do chuideachta árachais, do bhróicéir infheistíochta nó do sholáthraí pinsean.

Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an bhfreagra a gheobhaidh tú ó do sholáthraí, féadfaidh tú do ghearán a chur in iúl dúinn agus imscrúdóimid é. Ní mór don soláthraí a ndéanfaidh tú gearán faoi cloí le haon bhreith a thabharfaidh an tOmbudsman.

 

<