Publications

Overview of Complaints

My name is Liam Sloyan, and I'm the Financial Services and Pension Ombudsman. Our role is to resolve complaints made by consumers about their banking, insurance, investment and pension providers. We’re publishing an Overview of Complaints for 2023.

During the year we resolved over 5,000 complaints from consumers in relation to a range of matters including customer service, maladministration, miss-selling, disputed transactions claims handling and others. Our work resulted in outcomes worth nearly €5 million for consumers in addition to directions to Providers to rectify their conduct.

This work benefits all consumers through influencing better conduct in the financial services and pensions sectors.

The Overview contains a detailed analysis of this work as well as range of case studies providing real life examples.

The 2023 Overview is available now.

Forléargas ar Ghearáin

Liam Sloyan an t-ainm atá orm, agus is mise an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean. Is é an ról atá againn gearáin a dhéanann tomhaltóirí faoina soláthraithe baincéireachta, árachais, infheistíochta agus pinsean a réiteach. Táimid ag foilsiú Forléargas ar Ghearáin don bhliain 2023.

Le linn na bliana, réitíomar breis agus 5,000 gearán ó thomhaltóirí maidir le raon nithe éagsúla. Áiríodh leo sin seirbhís do chustaiméirí, drochriarachán, mídhíol, idirbhearta faoi dhíospóid, láimhseáil éileamh, agus nithe eile. A bhuí lenár gcuid oibre, baineadh torthaí ab fhiú beagnach €5 mhilliún amach do thomhaltóirí agus tugadh ordacháin do Sholáthraithe a n-iompar a cheartú.

Téann an obair sin chun tairbhe do gach tomhaltóir trí iompar níos fearr a spreagadh san earnáil seirbhísí airgeadais agus san earnáil pinsean.

Tá mionanailís ar an obair sin agus raon cás-staidéar ina dtugtar samplaí fíorshaoil le fáil san Fhorléargas.