Tá seacht nOifig Ombudsman ann in Éirinn
- Oifig an Ombudsman – do ghearáin i gcoinne soláthraithe seirbhíse poiblí
- An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean – do ghearáin i gcoinne soláthraithe seirbhíse airgeadais agus soláthraithe pinsean
- An tOmbudsman do Leanaí – do ghearáin i gcoinne soláthraithe seirbhíse poiblí i gcás seirbhísí a soláthraíodh do leanaí
- Fiosrú, Oifig an Ombudsman Póilíneachta – do ghearáin a bhaineann le hiompar an Gharda Síochána
- Ombudsman an Phreasa – do ghearáin i gcoinne nuachtán, irisí agus foilseacháin nuachta ar líne
- An Coimisinéir Teanga – do ghearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí a bhféadfadh gur mhainnigh siad déanamh de réir na gceanglas atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla
- Oifig an Ombudsman d'Óglaigh na hÉireann – do ghearáin ó chomhaltaí nó iarchomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann
Mar chuid den tSeachtain Airgid Dhomhanda, ba mhaith linn go mbeadh a fhios agat cad is Ombudsman ann, cad a dhéanann Ombudsman, agus conas is féidir le hOmbudsman cabhrú leat má tá gearán agat i gcoinne soláthraí seirbhíse iomchuí. Tá tuilleadh faisnéise faoi cad a dhéanann an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean ar fáil ar an leathanach Ár Seirbhísí. Is féidir leat na torthaí a bhí ar ghearáin roimhe a léamh freisin inár gcás-staidéir idirghabhála, inár gcás-staidéir maidir le breitheanna pinsean, agus inár mbunachar sonraí breitheanna atá ina gceangal dlí.
<

