Ráiteas Príobháideachais:

Privacy Statement

Íoslódáil an Ráiteas Príobháideachta FSPO mar dhoiciméad PDF

An Réamhrá

Tugtar treoir agus faisnéis sa Ráiteas Príobháideachais seo faoin gcaoi a n-úsáideann an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean ("OSAP") do shonraí pearsanta.

Is comhlacht neamhspleách reachtúil é an OSAP ("muid", "ár" a bhfuil mar phríomhfheidhm aige imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le hiompar soláthraithe seirbhísí airgeadais nó soláthraithe pinsean. Féadfaimid gearáin a imscrúdú go neamhfhoirmiúil, trí idirghabháil nó trí imscrúdú foirmiúil. Nuair atáimid ag tabhairt faoinár bhfeidhmeanna reachtúla agus ár ngníomhaíochtaí faoi Acht an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, 2017 ("an tAcht") bíonn an OSAP ag plé le sonraí pearsanta a bhaineann le páirtithe seachtracha difriúla éagsúla, idir dhaoine aonair agus ghnóthaí, agus á bpróiseáil uaireanta. Faigheann an OSAP sonraí, go háirithe, ó dhaoine aonair a chuireann gearáin nó ceisteanna faoi bhráid an OSAP. Faigheann an OSAP sonraí freisin ó ghnóthaí, cuideachtaí, trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí, Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, comhlachtaí a mhaoiníonn an Stát, údaráis rialála agus eagraíochtaí eile, agus d'fhéadfaí sonraí pearsanta teagmhálaithe ar leith nó oifigeach na n-eintiteas sin a áireamh leis sin.

Táimid tiomanta do chosaint agus meas ar do phríobháideachas. Leagtar amach sa Ráiteas Príobháideachais seo an chaoi a bpróiseálaimid aon sonraí pearsanta a bhailímid uait nó fút a bhaineann le tabhairt faoinár bhfeidhmeanna reachtúla agus ár ngníomhaíochtaí. Léigh an Ráiteas Príobháideachais seo go cúramach chun an chaoi a gcaithimid le sonraí pearsanta agus a n-úsáidimid iad a thuiscint.

Sa Ráiteas Príobháideachais seo, ciallaíonn tagairtí do "tú" an té a bpróiseálaimid a fhaisnéis phearsanta.

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta ach chun na gcríoch agus sa chaoi a leagtar amach thíos. Déanaimid amhlaidh de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018, an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí (.i. Treoir [AE] 2016/680) agus aon reachtaíocht agus leasuithe forfheidhmithe ina ndiaidh (dá ngairtear "an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí" le chéile sa Ráiteas Príobháideachais seo feasta).

Aitheantas an Rialaitheora

Chun críocha na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí, is é an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean rialaitheoir sonraí na sonraí pearsanta a bhailímid fút. Is comhlacht neamhspleách é an OSAP a bunaíodh faoin Acht, agus a bhfuil a sheoladh ag Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29.

Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí

Is iad sonraí teagmhála Oifigeach Cosanta Sonraí an OSAP:

Seoladh ríomhphoist: dataprotection@fspo.ie

Seoladh: Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29

Cén Uair a Bhíonn Feidhm leis an Ráiteas Príobháideachais seo?

Baineann an Ráiteas Príobháideachais seo le sonraí pearsanta a phróiseálaimid fút le tabhairt faoi fheidhmeanna reachtúla agus gníomhaíochtaí an OSAP. Bíonn sé i bhfeidhm nuair a fhaigheann an OSAP sonraí pearsanta de thoil an té atá i gceist, nó mar gheall ar chumhachtaí reachtúla an OSAP.

Cá Bhfaighimid do Shonraí Pearsanta?

Faighimid sonraí pearsanta ó fhoinsí éagsúla. Léiríonn na modhanna bailithe seo a leanas cuid de na bealaí a mbaileoimis do shonraí pearsanta:

  • Faightear cuid de na sonraí pearsanta a phróiseálaimid uaitse nuair a thugann tú iad don OSAP go díreach. Mar shampla, d'fhéadfadh go dtabharfá iad nuair a chuireann tú gearán nó ceist faoi bhráid an OSAP, i measc cásanna eile.
  • I gcásanna áirithe, d'fhéadfaimis do shonraí pearsanta a fháil ó thríú páirtithe. Tá níos mó eolais i gCuid Sonraí Pearsanta Tríú Páirtí.
  • D'fhéadfaimis sonraí pearsanta fút a fháil ó fhoinsí eile freisin, lena n-áirítear an soláthraí seirbhísí airgeadais nó an soláthraí pinsean a ndearna tú gearán faoi leis an OSAP, nó óna n-ionadaí/a n-ionadaithe, nuair atáimid ag tabhairt faoinár bhfeidhmeanna reachtúla agus ár ngníomhaíochtaí.
  • I rith ár n-imscrúduithe, d'fhéadfaí sonraí pearsanta a fháil freisin ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear, i measc foinsí eile, daoine aonair, gnóthaí, Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, comhlachtaí a mhaoiníonn an Stát, údaráis rialála agus/nó eagraíochtaí eile a choinníonn sonraí pearsanta a bhaineann leis an ngearán atá á imscrúdú.

I gCuid Sonraí Pearsanta Tríú Páirtí thíos, leagaimid amach na catagóirí éagsúla sonraí a d'fhéadfaimis a phróiseáil agus an chaoi a bhfaightear na sonraí pearsanta sin.

D'fhéadfaimis dul i dteagmháil leat ag iarraidh faisnéise agus muid ag tabhairt faoinár bhfeidhmeanna. Bainfidh an teagmháil sin leis na cuspóirí dá dtagraítear sa Ráiteas Príobháideachais seo agus d'fhéadfaí go n-áireofaí leo, i measc cuspóirí eile: chun faisnéis a fháil a theastaíonn chun gearán a chlárú; mar chuid den tSeirbhís Réitigh Díospóidí; mar chuid d'imscrúdú ar ghearán; mar chuid de mheasúnú ar chomhad gearáin; chun faisnéis a bhailiú le haghaidh tuarascálacha agus foilseachán; agus chun freagairt d'iarratais nó ceisteanna.

Sonraí Pearsanta Tríú Páirtí

Is ionann sonraí pearsanta tríú páirtí agus sonraí pearsanta duine nach bhfuil ina pháirtí i do ghearán. D'fhéadfaí a áireamh le sonraí pearsanta tríú páirtí, i measc sonraí eile, ainm, uimhir aitheantais nó uimhir chuntais, seoladh, taifid leighis nó cáipéisí airgeadais tríú páirtí.

Nuair atá gearán á imscrúdú, féadfaidh an OSAP próiseáil a dhéanamh ar shonraí atá ábhartha agus riachtanach d’imscrúdú an ghearáin sin. Chuige sin, NÁ TABHAIR sonraí pearsanta tríú páirtí, ar an bhfoirm ghearáin, i do chomhfhreagras leis an oifig seo ná sna cáipéisí a chuireann tú isteach chun tacú le do ghearán mura bhfuil sé ábhartha agus riachtanach iad a thabhairt chun do ghearán a mheas.

Is faoin OSAP é cinneadh a dhéanamh an bhfuil na sonraí pearsanta tríú páirtí ábhartha agus riachtanach chun do ghearán a imscrúdú. Má chuireann tú sonraí pearsanta tríú páirtí faoi bhráid an OSAP, d'fhéadfaí a iarraidh ort a leagan amach cén fáth a gcreideann tú go bhfuil na sonraí pearsanta sin ábhartha agus riachtanacha do do ghearán. D'fhéadfadh an OSAP an méid seo a leanas a iarraidh ort má chuireann tú sonraí tríú páirtí isteach:

  1. D'fhéadfaimis a iarraidh go gcuirfeá deimhniú i scríbhinn ar fáil ón tríú páirtí go bhfuair siad cóip den Ráiteas Príobháideachais seo agus go dtoilíonn siad go bpróiseálfaí a sonraí.
  2. D'fhéadfaimis a iarraidh go gcuirtear na cáipéisí ina bhfuil na sonraí tríú páirtí isteach i bhfoirm fholaithe a chinntíonn nach bhfuil aon sonraí tríú páirtí sna cáipéisí.

Má chuireann tú sonraí tríú páirtí faoinár mbráid gan ráiteas ábhartha agus/ná deimhniú i scríbhinn, seans nach mbeimis in ann na sonraí pearsanta sin a phróiseáil. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh go gcuirfí moill ar do ghearán nó ceist san oifig seo. Má mheasaimid nach bhfuil sé ábhartha ná riachtanach na sonraí pearsanta tríú páirtí a phróiseáil, féadfaimid an taifead ina bhfuil na sonraí pearsanta tríú páirtí a scriosadh nó a thabhairt ar ais.

An Chaoi a n-Úsáidimid do Shonraí

Cabhraíonn na sonraí pearsanta a bhailímid uait nó trínár gcóras linn ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus chun ár bhfeidhmeanna reachtúla agus ár ngníomhaíochtaí a chur i gcrích. Ní iarraimid sonraí uait ná ó fhoinsí eile seachas má theastaíonn siad chun gearán a imscrúdú nó de réir feidhmeanna reachtúla eile. Bailímid an fhaisnéis sin ónár bhfoirm ghearáin, comhfhreagras i scríbhinn, cumarsáid ghutháin/físteileafónaíochta nó cumarsáid ó bhéal. Ní choinnítear taifead ar chomhráite ar an nguthán ná comhráite físteileafónaíochta, ach d'fhéadfaimis nóta scríofa a choinneáil de do ghlaoch. Taifeadtar teachtaireachtaí glórphoist. Taifeadtar teachtaireachtaí glórphoist. D'fhéadfaimis dul i dteagmháil leat ar ríomhphost, le litir, ar an nguthán nó le SMS i rith imscrúdú do ghearáin.

Bailímid agus foilsímid cás-staidéir ghearáin go rialta de réir ár n-oibleagáidí dlíthiúla faoin Acht. Foilsímid cinntí atá ina gceangal de réir an dlí freisin a dhéantar faoi ghearáin in aghaidh soláthraithe seirbhísí airgeadais de réir ár n-oibleagáide dlíthiúla faoi Alt 62 den Acht. Bímid an-chúramach agus cinntímid nach n-aithnítear aon duine ar leith ó fhoilsiú aon chinntí atá ina gceangal de réir an dlí nó cás-staidéar gearáin.

Sonraítear catagóirí na sonraí pearsanta a bhailímid, bunús na próiseála agus cuspóirí na próiseála sa tábla thíos; ní liosta cuimsitheach é seo a leanas. D'fhéadfaimis dul i dteagmháil leat ar ríomhphost, le litir, ar an nguthán nó le SMS i rith imscrúdú do ghearáin.

Cuspóir na Próiseála Bunús na próiseála Catagóirí Sonraí
Clárú, measúnú, idirghabháil agus  imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin   GDPR Airteagal 6(1)(c): Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh ("Oibleagáid Dhlíthiúil") GDPR Airteagal 9(2)(g): is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú; ("Cúram Poiblí") Sonraí pearsanta, lena n-áirítear: ainm, inscne, slí bheatha, teideal poist, dáta breithe, uimhir chuntais, uimhir pholasaí ("Faisnéis Aitheantais") seoladh, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist agus Éirchód ("Faisnéis Teagmhála") faisnéis airgeadais, faisnéis leighis agus faisnéis fostaíochta ("Faisnéis Eile")  
Próiseáil a dhéanamh ar cheist a tharraing tú anuas faoinár bhfeidhmeanna, ár bpróisis ghearáin, srl.   Oibleagáid Dhlíthiúil / Cúram Poiblí Faisnéis Aitheantais agus Faisnéis Teagmhála, sa mhéid gur gá chun freagairt don cheist  
Chun críocha imeachtaí dlí, lena n‑áirítear aon achomharc nó aon chaingean dlí eile a bhaineann lenár gcinntí nó nósanna imeachta nó gníomhartha na hoifige seo. Oibleagáid Dhlíthiúil / Cúram Poiblí Faisnéis Aitheantais, Faisnéis Teagmhála agus Faisnéis Eile
Chun críocha ár gcleachtais a choigeartú, agus feidhmíocht ár seirbhíse a fheabhsú. D'fhéadfaí a áireamh leis sin suirbhéanna custaiméirí agus cumarsáid mhargaíochta Toiliú Faisnéis Aitheantais, agus Faisnéis Teagmhála, sa mhéid gur gá chun freagairt don chuspóir agus de réir an toilithe
Chun ár n‑oibleagáidí soláthair faisnéise a chomhlíonadh, ina measc comhoibriú le húdaráis rialála eile nó le dreamanna eile agus faisnéis a mhalartú leo, nuair atá sé sin ceadaithe nó á éileamh ag an dlí Oibleagáid Dhlíthiúil / Cúram Poiblí Faisnéis Teagmhála, Faisnéis Aitheantais agus Faisnéis Eile
Maidir lenár n‑oifigí agus ár n-áitreabh, chun slándáil ár n-oifigí agus ár n-áitribh a chinntiú agus chun a chur ar ár gcumas eachtraí a tharlaíonn ansin a imscrúdú. Tá gá leis dár leasanna dlisteanacha le haghaidh shlándáil ár n-oifigí agus ár n-áitribh. Píosaí scannánaíochta CCTV, taifid ar shíniú isteach/amach na gcuairteoirí
Chun a chur ar ár gcumas ar bhealach ar bith eile ár n-oibleagáidí rialála agus/nó dlíthiúla a chomhlíonadh agus tabhairt faoinár bhfeidhmeanna reachtúla agus ár ngníomhaíochtaí. Oibleagáid Dhlíthiúil / Cúram Poiblí Faisnéis Teagmhála, Faisnéis Aitheantais agus Faisnéis Eile

Is annamh a mheasfar gur bunús é toiliú le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta a bhailigh nó a fuair an OSAP mar thoradh ar thabhairt faoina fheidhmeanna reachtúla agus gníomhaíochtaí de bhun an Achta. Ach i gcúinsí srianta áirithe, d'fhéadfaimis do thoiliú follasach a iarraidh chun cineálacha sonracha sonraí pearsanta a phróiseáil.

Má phróiseálaimid sonraí i gcatagóir speisialta le haghaidh aon cheann de na cuspóirí thuasluaite, ní úsáidfimid an fhaisnéis sin ach chun tabhairt faoi na feidhmeanna seo a leanas: chun críocha réitigh díospóidí; chun ár ndlínse a mheasúnú chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghearán; chun gearáin a imscrúdú; agus chun freagra a thabhairt ar aon cheisteanna, gearáin nó iarratais a fhaighimid. Nuair a phróiseálaimid catagóirí speisialta de shonraí pearsanta, ní dhéanfaimid an phróiseáil sin ach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuilimid faoina réir a chomhlíonadh, agus nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail.

Sonraí Pearsanta a Roinnt

Roinnimid na sonraí ar fad a bhailítear le páirtithe an ghearáin. Nuair a bhailímid sonraí pearsanta, sonraí catagóire speisialta ina measc, glacfaimid na bearta riachtanacha chun a chinntiú go bpróiseáiltear iad de réir na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

I gcúinsí áirithe, roinnimid agus/nó tá oibleagáid orainn do shonraí pearsanta a roinnt le páirtithe eile nuair atáimid ag tabhairt faoi fheidhmeanna reachtúla agus gníomhaíochtaí an OSAP. Sa chás sin, cinntímid go mbíonn an t-aistriú bunaithe ar Oibleagáid Dhlíthiúil, Cúram Poiblí nó cur i gcrích conartha. D'fhéadfaí a áireamh leis na páirtithe sin, i measc páirtithe eile: an soláthraí seirbhísí airgeadais nó an soláthraí pinsean a ndearnadh an gearán faoi, lena n-áirítear ionadaí ag gníomhú thar ceann an tsoláthraí sin, gnó nó duine eile a bhaineann leis an ngearán (m.sh. bróicéir, frithgheallaí nó iasachtóir), Banc Ceannais na hÉireann, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, an tÚdarás Pinsean, údaráis rialála eile, agus dreamanna eile, sa chás go bhfuil sé ceadaithe nó á éileamh ag an dlí, nó má tá do thoiliú againn.

Úsáidimid soláthraithe seirbhísí a sholáthraíonn seirbhísí TF agus seirbhísí dlí i measc seirbhísí eile. I rith sholáthar na seirbhísí sin, próiseálfaidh an soláthraí seirbhísí do shonraí pearsanta thar ár gceann, nuair atá sé riachtanach chun críocha na seirbhíse sin. Tá conarthaí i scríbhinn i bhfeidhm ag an OSAP le haon soláthraithe seirbhísí a phróiseálann do shonraí pearsanta thar ceann an OSAP. Tugann na conarthaí sin dearbhuithe maidir leis na cosaintí a thugann siad do do shonraí pearsanta agus go gcomhlíonann siad ár gcaighdeáin slándála sonraí agus srianta aistrithe idirnáisiúnta.

Aistrithe Lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

D'fhéadfaí do shonraí pearsanta a aistriú, a stóráil agus a phróiseáil i dtír amháin nó níos mó lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ("LEE"), mar shampla, nuair a úsáideann ceann dár soláthraithe seirbhísí fostaithe, seirbhísí nó trealamh atá lonnaithe lasmuigh de LEE. I gcás aistrithe do shonraí pearsanta chuig tríú páirtithe lasmuigh de LEE, glacaimid bearta breise de réir na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Cuirimid cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le do phríobháideachas, do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus feidhmiú do cheart a chosaint, m.sh. socróimid leibhéal leordhóthanach de chosaint sonraí trí Chlásail Chonarthacha Chaighdeánacha an Aontais Eorpaigh bunaithe ar chlásail eiseamláireacha Choimisiún an Aontais Eorpaigh.

Má theastaíonn uait cóip d'aon fhoráil ábhartha a fheiceáil, téigh i dteagmháil linn leis an bhfaisnéis teagmhála thíos.

Sonraí a Choinneáil

Coinneoimid sonraí pearsanta chomh fada agus is gá chun na críocha dár bailíodh iad a chomhlíonadh, mar atá thuasluaite, agus de réir ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála. Dá bhrí sin, coinnítear roinnt faisnéise níos faide ná a chéile.

Is féidir tuilleadh le léamh faoi sin inár mBeartas Bainistíochta Taifead.

Rúndacht

Forbraíodh próisis agus nósanna imeachta an OSAP chun tabhairt faoi ghearáin go cúramach chun imscrúdú agus breithniú fónta, cóir, neamhchlaonta agus rúnda na ngearán a chinntiú. Caithfidh an dá pháirtí cloí le rúndacht na bpróiseas sin. Ní cheadaítear sonraí gearáin a roinnt lasmuigh de na páirtithe agus a n-ionadaithe.

CCTV

Bíonn CCTV ag taifeadadh inár n-oifigí ar mhaithe le sábháilteacht agus slándáil ár gcustaiméirí agus ár bhfoirne, agus chun cabhrú le sárú slándála a chosc

Do Shonraí Pearsanta a Chosaint

Úsáidimid slándáil fhisiciúil agus theicniúil ar ardchaighdeán chun rúndacht do shonraí pearsanta a chosaint. Tá an fhoireann ar fad ar an eolas faoi chaighdeán na slándála sonraí a mbítear ag súil leis uathu nuair atá sonraí pearsanta a bhaineann le gearáin á bpróiseáil. Tá bearta slándála iomchuí i bhfeidhm againn go háirithe chun do shonraí pearsanta a chosaint ar dhíothú, caillteanas, athrú, nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain trí thimpiste nó go neamhdhleathach.

Fianáin

Tá fianáin i bhfeidhm ar ár láithreán gréasáin (www.fspo.ie) ón 1 Eanáir 2018. Úsáideann ár láithreán gréasáin idir fhianáin seisiúin agus fhianáin sheasmhacha. Féadfaidh tú rogha a dhéanamh ar do bhrabhsálaí féin an nglacfaidh tú le fianáin nó nach nglacfaidh. Féadfaidh úsáideoirí fianáin anailíseacha roghnacha a shocrú chun cabhrú linn ár suíomh gréasáin a fheabhsú. Ní shocraímid rianáin roghnacha mura gcumasaíonn tú iad. Tá tuilleadh faisnéise inár mbeartas fianán atá ar fáil ar www.fspo.ie/cookies.

Do Chearta Faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí

D'fhéadfadh cearta éagsúla a bheith agat faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. D'áireofaí leo siúd (de réir mar is ábhartha):

Do cheart Céard a chiallaíonn sé? Cén chaoi a bhforghníomhaím an ceart sin? Cé na coinníollacha a bhaineann leis?
an ceart chun rochtana Faoi réir coinníollacha áirithe, tá tú i dteideal rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta a choinnímid (tugtar "iarratas ar rochtain ó ábhar sonraí" air sin go minic). Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar rochtain ar do shonraí pearsanta tríd an bhFoirm Iarratais ar Rochtain ar Shonraí de chuid an OSAP a chomhlánú agus a sheoladh chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ar ríomhphost chuig dataprotection@fspo.ie nó i scríbhinn chuig: An tOifigeach Cosanta Sonraí, An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29. Más féidir, ba cheart duit an cineál faisnéise ba mhaith leat a fheiceáil a shonrú chun a chinntiú go bhfuil ár nochtadh ag teacht lena bhfuil uait.   Caithfimid a bheith in ann d'aitheantas a fhíorú. Ní fhéadfaidh d'iarratas cur isteach ar chearta agus saoirsí daoine eile, m.sh. cearta príobháideachais agus rúndachta daoine eile agus/nó gnóthaí. Eisiatar go príomha sonraí a choinnítear chun críocha cúltaca sonraí amháin.  
an ceart chun iniomparthacht sonraí Faoi réir coinníollacha áirithe, tá tú i dteideal na sonraí a thug tú dúinn agus a phróiseálaimid trí mhodhanna uathoibrithe a fháil i bhformáid a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín. Ba cheart iarratais a chur chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ar ríomhphost chuig dataprotection@fspo.ie nó i scríbhinn chuig: an tOifigeach Cosanta Sonraí, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29. Más féidir, ba cheart duit an cineál faisnéise ba mhaith leat a fháil a shonrú chun a chinntiú go bhfuil ár nochtadh ag teacht lena bhfuil uait. Ní bhunaíonn GDPR ceart ginearálta chun iniomparthacht sonraí. Níl feidhm ag an gceart seo ach amháin má tá an phróiseáil bunaithe ar do thoiliú nó ar ár gconradh leat agus má thugtar faoin bpróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe (m.sh. níl feidhm aige i gcás taifid pháipéir). Ní bhaineann sé ach le sonraí pearsanta "a thug" tú. Dá bhrí sin, níl feidhm aige, de ghnáth, i gcás sonraí pearsanta a chruthaíomar nó a thug duine ar bith eile agus/nó gnó don OSAP.
Cearta maidir le sonraí pearsanta míchruinne nó neamhiomlána Féadfaidh tú cruinneas nó iomláine sonraí pearsanta a phróiseálaimid fút a cheistiú. Má chinntear go bhfuil sonraí pearsanta míchruinn, tá tú i dteideal na sonraí míchruinne a bhaint, a cheartú nó a iomlánú, de réir mar is cuí. Molaimid duit muid a chur ar aon eolas faoi aon mhíchruinneas i do shonraí pearsanta a luaithe a thuigeann tú gurb ann dóibh. Ba cheart fógraí a chur chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí i scríbhinn ar ríomhphost chuig dataprotection@fspo.ie nó i scríbhinn chuig: an tOifigeach Cosanta Sonraí, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29. Ní bhaineann an ceart seo ach le do shonraí pearsanta féin. Nuair atá an ceart seo á fheidhmiú agat, bí chomh sonrach agus is féidir.
an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh ár bpróiseála sonraí nó í a shrianadh Faoi réir coinníollacha áirithe, tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta nó a iarraidh orainn an phróiseáil sin a shrianadh. Ba cheart iarratais a chur chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ar ríomhphost chuig dataprotection@fspo.ie nó i scríbhinn chuig: an tOifigeach Cosanta Sonraí, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29. Caithfidh na hagóidí a bheith bunaithe ar fhorais a bhaineann le do chás faoi leith féin agus níor cheart gur agóidí ginearálta iad. Ní phróiseálfaimid do shonraí pearsanta níos mó mura bhfuilimid in ann a léiriú go bhfuil foras dlisteanach ann é sin a dhéanamh faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Má éiríonn le d'agóid, d'fhéadfadh go mbeadh gá le do chomhad a dhúnadh, ach coinneofar do shonraí de réir ár mBeartais Bainistíochta.
an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar shonraí pearsanta Faoi réir coinníollacha áirithe, tá tú i dteideal, ar fhorais áirithe, go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta (ar a dtugtar "an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad" freisin), m.sh. má cheapann tú go bhfuil an fhaisnéis atáimid ag próiseáil míchruinn, nó go bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach. Ba cheart iarratais a chur chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ar ríomhphost chuig dataprotection@fspo.ie nó i scríbhinn chuig: an tOifigeach Cosanta Sonraí, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29.     Tá cúiseanna dleathacha éagsúla ann nach mbeimis in ann don shonraí pearsanta a léirscriosadh. D'fhéadfadh gurbh amhlaidh sin (i) má chaithfimid oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, (ii) i gcás éilimh dlí a fheidhmiú nó a chosaint, nó (iii) má tá tréimhsí coinneála i bhfeidhm de réir an dlí nó ár reachtanna nó Bheartas Bainistíochta Taifead inmheánach an OSAP.
an ceart chun aistarraingthe Tá sé de cheart agat do thoiliú d'aon phróiseáil a thoiligh tú roimhe sin a aistarraingt. Ba cheart iarratais a chur chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ar ríomhphost chuig dataprotection@fspo.ie nó i scríbhinn chuig: an tOifigeach Cosanta Sonraí, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29. Má aistarraingíonn tú do thoiliú, ní bheidh sé sin i bhfeidhm ach don tréimhse ina dhiaidh sin.

Gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

Tá súil againn go bhfuil tú sásta leis an gcaoi a n-úsáidimid do shonraí pearsanta. Ach má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ach ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie.

Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo

Coimeádaimid an ceart chugainn féin an Ráiteas Príobháideachais seo a athrú am ar bith dár rogha féin. Má dhéanaimid aon athrú ar an Ráiteas Príobháideachais seo, foilseoimid aon athruithe ábhartha ar ár suíomh gréasáin www.fspo.ie ionas go bhfeicfidh tú an chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta. Trí leanúint le do chaidreamh linn i ndiaidh dúinn aon athrú dá leithéid a phostáil ar ár suíomh gréasáin, glacann agus comhaontaíonn tú leis an Ráiteas Príobháideachais seo, arna leasú.

Ceadaíodh an ráiteas príobháideachais seo an 2 Samhain 2021 agus athbhreithneofar é de réir mar is gá.

Teagmháil

Má bhíonn tuilleadh faisnéise uait, nó má bhíonn aon cheist agat faoin Ráiteas Príobháideachais seo, téigh i dteagmháil linn:

Sa phost: an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Teach Lincoln, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2, D02 VH29

Guthán: (01) 567 7000

Ríomhphost: dataprotection@fspo.ie

Suíomh gréasáin: www.fspo.ie